Léiríonn torthaí comhairliúchán poiblí go bhfuiltear ar mhaithe ciondíothú ar fhianna

Aontaíonn tromlach na ndaoine a cuireadh ceist orthu i gcomhairliúchán poiblí maidir le bainistiú daonra fianna na hÉireann gur ciondíothú an dóigh is fearr le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a mbaineann leo. 

Feictear go bhfuil tionchar ag na fianna ar bhithéagsúlacht, ar bhainistiú talún agus ar shábháilteacht bóithre, de réir tuairisc ar RTÉ.

Rinneadh an comhairliúchán póiblí mar chuid den fhorbairt leanúnach ar straitéis náisiúnta um bhainistiú fianna.

Rinneadh an comhairliúchán ar dhaonra fianna idir mí na Nollag agus mí Feabhra seo caite thar ceann an Ghrúpa Straitéise um Bainistíocht Fianna a bunaíodh chun díriú ar an cheist. Bhunaigh an Rialtas an grúpa i 2022. 

Rinne go leor daoine agus grupaí páirt a ghlacfadh sa chomhairliúchán agus formhór acu ina conaí in áiteacha scoite agus iargúltacha.

Léirigh torthaí ón gcomhairliúcháin go bhfeictear dó 82% don daonra a ghlac páirt sa chomhairliúchán go bhfuil tionchar diúltach ag fianna ar bhithéagsúlacht, de réir na bhfreagraí a chonaic lucht Nuacht RTÉ. 

Dúirt 81% go bhfuil na hainmhithe ag déanamh damáiste do thalamh talmhaíochta agus d’aontaigh an céatadán céanna gur ábhar imní iad maidir le sábháilteacht ar na bóithre.

Cuireadh na torthaí os gcomhair roinnt páirtithe leasmhara ag cruinniú an tseachtain seo caite agus cuideoidh siad le hobair leanúnach an Ghrúpa Straitéise Bainistíochta Fianna.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice