Doimnic Mac Giolla Bhríde
Dhéanfaidh Róise Ní Bhaoill an preableabhar 'Preab sa Cheol' le Doimnic Mac Giolla Bhríde a sheolfadh in Amharclann Ghaoth Dobhair, 3pm Dé Sathairn, Deireadh Fómhair 21. Seo an chead preableabhar a rinneadh ariamh in Éirinn.
Ba é Doimnic Mac Giolla Bhríde, an ceoltóir sean-nóis as Gaoth Dobhair a chum na seacht n-amhrán sa leabhar seo agus ceolann páistí as Gaeltacht Thír Chonaill iad sna físeáin ata le fáil ag www.preabsacheol.ie
Ba Doimnic a rinne an t-innealtóireacht paipéir agus Caomhán Ó Scolaí a bhí mar dhearthóir graifice. Ag preabadh amach as an leabhar tig seacht gcarachtar a bhfuil spraoi, ealaíon agus greann ag baint leo.
Tá crogall ann a bhfuil drogall air, tá foghla mara ag rámhaíocht amach go dtí na Trí Mic Ó gCorra ann, tá cearc bhocht cnapshúileach ann agus tá cailín bheag cheolmhar ann a sheinneann ceol ó mhaidin go h-oíche ann.
Preabann casú (kazoo) amach as a láimh agus thig leat seinm isteach ina casú – dhéanann sé fuaim. Comh maith le seo uilig, tá gluaiseachtaí damhsa ann a théann le cúig amhrán agus thig lena páistí iad a fhoghlaim go furast ó na físeáin atá thuas ar www.preabsacheol.ie
Dhéanann na páistí a cheolann na hamhráin na gluaiseachtaí a mhíniú i bhfíseáin agus dhéanann siad iad a dhamhsa go spraoiúil i bhfíseáin eile. Sa dóigh sin, tá sé furast ag múinteoirí agus páistí na gluaiseachtaí agus na amhráin a fhoghlaim.
Is leabhar faoi léith an leabhar seo, sa mhéid agus go mbainfidh páistí, tuismitheoirí agus múinteoirí sult as. Is achmhainn mhaith é do scoileanna agus naíscoileanna agus dóigh spraoiúil é le amhráin agus gluaiseachtaí damhsa a fhoghlaim.
Tá aistriúcháin Bhéarla i gcúl an leabhair agus thig le daoine nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu sult a bhaint as chomh maith agus leoga cuidiú leo feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge. Tá na físeáin cheoil le fáil ar www.preabsacheol.ie chomh maith le eolas eile.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.