John Cronin ceaptha ina Chathaoirleach ar Amharclann na Mainistreach

Rinneadh an ceapachán tar éis glao oscailte ar léirithe spéise a d’fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblíplaceholder image
Rinneadh an ceapachán tar éis glao oscailte ar léirithe spéise a d’fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Rinneadh an ceapachán tar éis glao oscailte ar léirithe spéise a d’fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur ceapadh Cathaoirleach Nua Amharclann na Mainistreach.

D’fhógair an tAire Catherine Martin T.D. gur ceapadh John Cronin mar Chathaoirleach Amharclann na Mainistreach.

Rinneadh an ceapachán tar éis glao oscailte ar léirithe spéise a d’fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt an tAire Martin:“Tá áthas orm a fhógairt gur ceapadh John Cronin mar Chathaoirleach Nua Bhord Amharclann na Mainistreach, le héifeacht ó mhí 1 Lúnasa 2024. Déanaim comhghairdeas agus gabhaim buíochas le John as glacadh leis an ról tábhachtach seo. Mar Chathaoirleach an Bhoird beidh ról ríthábhachtach ag John i rialachas, maoirseacht agus treo straitéiseach Amharclann na Mainistreach. Táim muiníneach go gcuirfidh John a thaithí agus a fhís fhairsing le hAmharclann na Mainistreach agus guím gach rath air ina ról thar na ceithre bliana atá romhainn.”

Is Iar-Chathaoirleach agus Comhpháirtí Bainistíochta é John Cronin i ngnólacht dlí McCann FitzGerald. Chaith John Cronin beagnach trí bliana mar Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath.

Ar leithligh, bhí sé ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Kingspan Group ar feadh naoi mbliana agus is iar-Uachtarán agus comhalta boird é ar Chumann Tráchtála na Breataine-na hÉireann.

Tá ról comhairleach aige le Kildare Village/Value Retail agus tá poist chomhairleacha aige le roinnt eintiteas thar lear.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice