Ionchur poiblí á lorg chun straitéis ealaíon a chumadh in Uíbh Fhailí

placeholder image

TÁ COMHAIRLE Chontae Uíbh Fhailí i mbun Straitéis Ealaíon nua chúig bliana a ullmhú d'Uíbh Fhailí (2023 go 2028) agus tá an Oifig Ealaíon ag tabhairt cuireadh oscailte do dhaoine teacht chun cinn lena gcuid dtuairimí, smaointe agus ábhair imní.

Tá dul chun cinn ollmhór déanta ag na healaíona in Uíbh Fhailí le linn ré na straitéise ealaíon roimhe seo (2018-2022). Tá féilte nua againn, eagraíochtaí ealaíon nua, agus méadú ar líon agus ar infheictheacht na n-ealaíontóirí atá ina gcónaí agus ag obair sa chontae. Tá dúshraith an-láidir tógtha againn, le chéile, do na healaíona agus d'ealaíontóirí chun tuilleadh forbartha a dhéanamh.

Is dúshlán i gcónaí é na healaíona a mhaoiniú, ach tá creideamh agus cinnteacht ann anois faoina léirítear sna healaíona, a saintréithe agus gach a gcuimsíonn siad i bhféiniúlachtaí pobail agus aonair.

Is í an Straitéis Ealaíon nua -nuair a ghlacfaidh Comhairle Chontae Uíbh Fhailí léi - an sainordú a bheas againn as seo go ceann 5 bliana, mar sin tá sé tábhachtach go mothódh gach duine go bhfáiltítear roimh a dtuairimí.

Mar sin, pléifear le réimse leathan daoine ar fud an chontae chun faisnéis, smaointe agus léargais a bhailiú; tuiscint a fháil ar thionchar a bhfuil bainte amach againn trí na bpleananna roimhe seo, tógáil ar na héachtaí againn agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí ó thaobh beartais, cleachtais agus soláthair de.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice