Iarrtha ag Teachta ar an Rialtas tarraingt siar ó ardú ar luach peitreal agus díosal


Dúirt an Teachta go bhfuil géarchéim maireachtála ann i láthair na huaire agus nár chóir tuilleadh brú a chur ar dhaoine.
Tá iarrtha ag urlabhraí Shinn Féin an Teachta Pearse Doherty ar an Rialtas pleananna a chur ar ceal maidir le luach peitreal agus díosal a chur in airde i mí Dheireadh Fómhair.
Dúirt an Teachta go bhfuil géarchéim maireachtála ann i láthair na huaire agus nár chóir tuilleadh brú a chur ar dhaoine.
Dúirt Teach Doherty:“Tá praghsanna peitril agus díosail méadaithe ó bhí mí na Bealtaine ann agus tá méadú tagtha orthu le roinnt seachtainí anuas. In ainneoin na n-arduithe praghais seo, bhrúigh an Rialtas ar aghaidh le ardú cánach ar pheitreal agus ar dhíosal ar an 1 Meán Fómhair. Tá sé beartaithe ag an Rialtas praghsanna peitril agus díosail a ardú arís i mí Dheireadh Fómhair."