Iarrachtaí a dhéanamh ord a choinneáil i mBaile Átha Cliath


Tá go leor fadhbanna a thauirisc fá fhadhbanna frithshosiálta atá ar siúl i lár na cathrach
Déanfaidh aonad oird poiblí na ngardaí patróil laethúil i lár chathair Bhaile Átha Cliath mar chuid d’iarracht atá idirlámha ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána le dhul i ngleic le fadhbanna frithshóisialta atá ar siúl ann fá láthair.
Chomh maith leis sin, beidh veain oird phoiblí a iompraíonn gardaí atá ábalta dealáil le fadhbanna frithshóisialta ag dul thárt fá lár na cathrach.
Tá an cúigiú cuid den bhuiséad breise ragoibre atá á thabhairt ag an Rialtas do ghardaí — €2m de €10m — á leithdháileadh ar bheirt rannán do chuid na ngardaí atá lonnaigh i lár na cathrach.