Iarrachtaí a dhéanamh dhul i ngleic le fadhbanna i mBaile Átha Cliath


Bhí cruinniú ar siúl ar maidin inniu
Chas ardbhainistíocht an Gharda Síochána le húinéirí gnó i gcathair Bhaile Átha Cliath ar maidin chun póilíneacht agus coireacht sa phríomhchathair a phlé tar éis roinnt ionsaithe foréigneacha le seachtainí beaga anuas.
Tá sé geallta ag an Garda Síochána go bhfeicfear níos mó iad ar na sráideanna agus iad ag déanamh iarracht dhul i ngleic le hiompar frithshóisialta.
Tá maoiniú breise de €10m leithdháilte ag an Rialtas le iarracht a dhéanamh dhul i ngleic leis an fhadhb.
Bhí an cruinniú idir ghardaí sinsearacha agus thárt ar 190 úinéir gnó ar siúl in Amharclann an Gaiety agus mhair sé timpeall uair an chloig.