Gradam buaite ag TG4 don Gné Faisnéise is fearr ag Féile na Meán Ceilteach 2024 le Lyra

Lyra McKeeplaceholder image
Lyra McKee

Is í Féile na Meán Ceilteach ceann de na féilte is mó le rá agus is fadbhunaithe ar na hoileáin seo

Is ar an clár faisnéise Lyra a bronnadh an chéad duais sa chatagóir don Gné Fhaisnéis tráthnóna inniu ag gradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach sa siúl i gCaerdydd sa Bhreatain Bheag.

Léargas ar shaol agus ar bhás an iriseora iniúchta Lyra McKee as Tuaisceart Éireann, inste trína cuid oibre féin. Léirithe ag Erica Starling Productions Ltd.

Is í Féile na Meán Ceilteach ceann de na féilte is mó le rá agus is fadbhunaithe ar na hoileáin seo agus reáchtáiltear gach bliain í, á roinnt ar na hionaid sna náisiúin agus réigiúin éagsúla Cheilteacha.

Cónascann sí comhdháil trí lá do na meáin, a mheallann craoltóirí, léiritheoirí, na meáin chumarsáide agus mic léinn, le comórtas ar fud réimse iomlán de sheánraí ábhair Scannán, Teilifíse, Raidió agus na Meán nua.  

Bíonn an-tóir go deo ar ghradaim Fhéile na Meán Ceilteach. Is i gCaerdydd na Breataine Bige atá Féile na bliana seo ar siúl. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo cardiff-2024 (celticmediafestival.co.uk).

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice