Go leor idirlámha agus Uachtarán SAM ar cuairt in Éirinn


Tá ráiteas faoi chuairt an Uachtaráin Joe Biden ar Éirinn eisithe ag an Teach Bán.
I ráiteas ón bpreasrúnaí Karine Jean-Pierre ar Thaisteal an Uachtaráin Biden chun na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, dúirt sí go mbeadh an tUachtarán Biden i mBéal Feirste leis an dul chun cinn atáthar ag déanamh ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, 25 bliain ó shin, a chomóradh.
Dúirt an ráiteas go mbeadh coinní éagsúla ag an tUachtáran, i mBaile Átha Cliath, i gContae Lú, agus i gContae Mhaigh Eo, áit a dtabharfaidh sé cur síos ar na naisc dhomhain stairiúla a nascann ár dtíortha agus ár muintir le chéile.
Tá sé fógartha ag Oifig na nOibreacha Poiblí freisin go mbeidh Páirc an Fhionnuisce dúnta an tseachtain seo mar gheall ar chuairt Uachtarán Joe Biden.
Beidh an pháirc dúnta ó 5:00in Dé Céadaoin, Aibreán 12, go dtí 5:00in Déardaoin, Aibreán 13, chun teacht Biden a éascú.
De réir Oifig na nOibreacha Poiblí, cuirfear rochtain ar fáil d’fhoireann riachtanach atá ag obair laistigh de Pháirc an Fhionnuisce agus deimhneofar socruithe sna laethanta amach romhainn.
Athosclófar na bóithre agus na geataí go léir chomh luath agus a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh.
Tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar bhailte dúchais a shinsear, Maigh Eo agus Lú, chun bualadh le sliocht a shliocht. Tá lucháir ar na bpobail sin de bharr.