Gig ar son Ghaza ar siúl anocht in Amharclann Ghaoth Dobhair

Beidh gig ar son Ghaza ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 13ú d’Eanáir.
I measc na ceoltóirí beidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Conor Ó Gallachóir, Diane Cannon, Lonesome George, Ramper, Matt Benson, Cathal Ó Curráin agus tuilleadh lena chois.
Tá oíche ar dóigh geallta le scoth na hamhránaíochta.
Beidh na dóirse ar oscailt ón 8.30.