Gardaí ag impí ar dhaoine gan a bheith ag tiomaint ró ghásta inniu

Tá go leor gardaí ar bhóithre na hÉireann inniu ag coinneál súil ar thiomanaí
Cuireadh tús leis an lá 'Slow down' ar bhóithre na hÉireann ar a 7 a chlog ar maidin inniu agus ó thosaigh sé beireadh ar leathchéad tiománaí ag tiomaint thar an teorainn luais.
Fuaireas duine amháin ag taisteal ag luas 155km/u ar an M6 an áit atá treoir de 120km/u i bhfeidhm.
Beidh gardaí i mbun oibre ar feadh na 24 uair an chloig eile.
Sheiceáil Go Safe luas 15,786 feithicil idir 7am agus 9am ar maidin inniu.
Cailleadh cuid mhór daoine ar bhóithre na hÉireann go dtí seo i mbliana.