Gabhadh beirt agus gardaí armtha agus aonad madraí ag cuardach áitribh Lú


Tuairiscítear gur urghabhadh gunnaí meaisín, raidhfilí AR-15, piostail agus comhpháirteanna arm tine
Gabhadh beirt fhear i mBaile Átha Fhirdhia, Co. Lú agus gardaí i mbun cuardaigh ar roinnt áitribh.
Tá na cuardaigh, atá fós ar siúl tráthnóna inniu, á stiúradh ag baill de Bhiúró Náisiúnta an Gharda um Dhrugaí agus um Choireacht Eagraithe le tacaíocht ó ghardaí atá ceangailte le hAonad Coireachta Rannán Lú, Aonad Drugaí Lú, Aonad Tacaíochta Armtha an Gharda Síochána chomh maith leis an nAonad Madraí.
Dar le RTÉ, thug gardaí armtha ruathar ar áitreabh gnó i mBaile Átha Fhirdhia inniu agus d’aimsigh siad líon mór gunnaí agus armlón lena n-áirítear meaisínghunnaí, raidhfilí AR-15, piostail agus comhpháirteanna arm tine.
Gabhadh beirt fhear (30í) faoi reachtaíocht na coireachta eagraithe agus tá siad faoi choinneáil ag stáisiún garda sa chontae faoi láthair.