Formhór Bhaile Átha Cliath sábháilte ach tá pocaí áirithe ann nach bhfuil a deir an Tánaiste

Fadhb na gcoireanna ar shráideanna an phríomh chathair a phlé ag cruinniú inniu

Tá sé ráite ag an Tánaiste, Micheál Martin, go bhfuil áiteacha i mBaile Átha Cliath nach bhfuil sábháilte san oíche.

D'ainneoin an raiteas seo dúirt sé go bhfuil an phríomh chathair ar an mhórchuid sábháilte. 

Cháin an tUasal Martin na hionsaithe a tharla i gcathair Bhaile Átha Cliath le gairid lena n-áirítear an t-ionsaí ar shaoránach Mheircéa ar Shráid Thalbóid an tseachtain seo caite. 

Ionsaíodh Stephen Termini i mBaile Átha Cliath agus tá sé fós faoi dhianchúram in Ospidéal Beaumont.

Cúisíodh gasúr céithre bliana déag d'aois as an ionsaí.

Dúirt an Tánaiste go bhfuil gardaí le feiceáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. 

Táthar ag plé fadhbanna na gcoireanna ar shráideanna an príomh chathair ag cruinniú inniu. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice