Feirmeoirí mí-shásta go bhfuil uisce ag sileadh isteach i bpáirceanna i Mín a' Chladaigh


Beidh an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh ag ardú an cheist le Rannóg na Mara
Dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh go bhfuil feirmeoirí mí-shásta de bharr go bhfuil uisce ag sileadh isteach i bpáirceanna ag an Doirling i gceantar Mhín a' Chladaigh.
Dúirt sé an méid seo ag cruinniú do chuid Ceantar Bardais na nGleanntach ar na mallaibh.
Dúirt an comhairleoir go bhfuil ainmhithe sna páirceanna ina bhfuil an t-uisce ag sileadh isteach iontu.
Dúirt innealtóir bóithre na Comhairle Contae, Brendan Mac Pháidin, gur Ceantar Speisialta Caomhnaithe atá sna páirceanna. An príomhdhualgas atá ar an Rannóg Bóithre nó cinntiú go bhfuil na bóithre sábhailte, a dúirt sé. Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh go n-ardóidh sé an cheist le Rannóg na Mara.