Féadfaidh na mílte cárta cuairte DG saor in aisce a fháil ón tseachtain seo amach

PICTIÚR: Cartlannplaceholder image
PICTIÚR: Cartlann

TÁ SÉ deimhnithe go bhfaighidh breis is 200,000 duine cártaí cuairte DG ón tseachtain seo amach.

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu go n-osclófar iarratais ar chártaí cuairte DG do suas le 215,000 duine atá nua-incháilithe.

Is é seo an chéad chéim de dhá chéim a sholáthróidh cúram Dochtúra Teaghlaigh saor in aisce do thart ar 430,000 duine in Éirinn ar bhonn tástáil acmhainne.

Tá sé mar chuid den leathnú is mó ar cháilitheacht do chúram Dochtúra Teaghlaigh saor in aisce i stair an stáit atá ag tarlú i mbliana agus a chlúdaíonn suas le 500,000 duine.

Ag fógairt oscailt na n-iarratas, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly: “D’fhéadfadh go leor daoine idir 8 agus 69 bliain d’aois a fheiceann a gcúram Dochtúra Teaghlaigh ar bhonn príobháideach a bheith incháilithe anois.”

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice