Féach: Scoil Samhraidh Willie Clancy ar TG4 arís eile

Neart ceoil agus craic sa tsraith seo a thugann sreacfhéachaint duinn ar a mbáineann le Scoil Samhraidh Willee Clancy

Tá Scoil Samhraidh Willie Clancy ar ais arís ar TG4 agus sa tsraith seo a taifeadadh ar an láthair i Sráid na Cathrach in Iúil 2023 cuirfear neart craic agus ceoil ar fáil dóibh. 

Mar imeacht ceoil, tugtar ardán do gach gné den traidisiún le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy  – na foghlaimeoirí, an dream a bhfuil suim acu san fhéile, na damhsóirí, na hamhránaithe, na héisteoirí géarchúiseacha, na ceoltóirí nua-aoiseacha agus na ceoltóirí gairmiúla.

Tá an fhéile ag ceiliúradh 51 bliain ar an bhfód anois agus tá sí fós ag mealladh na sluaite ó thar lear mar aon le ceoltóirí ardchumasacha chuig Sráid na Cathrach, baile beag bídeach in Iarthar an Chláir, gan aon eisceacht, gach aon bhliain.

Tá íomha ag an bhféile mar ‘Mheice Cheoil’ beagnach, agus cuirfear an éagsúlacht radharc agus fuaimeanna a bhíonn le feiceáil agus le cloisteáil ann gach bliain os comhair an lucht féachana sa tsraith seo.

Tabharfar ó lá go hoíche muid i rith lae ag an scoil samhraidh i ngach clár sa tsraith iontach cheoil seo agus beidh neart ceoil, amhrán, damhsa agus cainte air le réimse pearsana ó ar fud an domhain agus níos gaire do bhaile.

Casfaimid le cohórt éagsúil agus cumasach de phearsana spéisiúla le linn na gceithre chlár. 

Sa chéad chlár a bheidh le craoladh ar an 26 Samhain, casfar le ceoltóir óg na bliana TG4 Méabh Smyth agus a deirfiúr Aoife, leis an gceoltóir ar an gconsairtín Aidan Quigney, beidh Michael Flatley agus Matt Molloy ag ceol ar an bhfliúit dúinn, rud nach dtarlaíonn ach go fíor-annamh, mar aon leis an gceoltóir feadóige mór le rá Mary Bergin a fuair aitheantas as an méid ollmhór atá déanta aici ar mhaithe leis an traidisiún ag scoil samhraidh 2023. 

Sa dara clár a chraolfar ar an 3 Nollaig, casfaimid leis an gceoltóir consairtín áitiúil Caoilfhionn Ní Fhrighil agus beimid i mbun cainte le baill den Tulla Ceilí Band a sheinnfidh dreas ceoil dúinn ag céilí a bhí lán go doras. Ar an gclár seo freisin beidh ceol álainn le Aoife Ní Bhriain agus Caoimhín Ó Fearghail agus leis na ceoltóirí as Albain Brighde Chaimbeul agus Fin Moore.  

Sa tríú clár a chraolfar ar an 10 Nollaig, casfaimid le Julie Langan agus a teaghlach a chasfaidh cúpla fonn dúinn in éineacht le cairde leo ina dteach soghluaiste i Rinn na Spáinneach. Casfaidh an seinnteoir ar an orgán béil agus ar an gconsairtín as Meiriceá Rick Epping cúpla amhrán agus fonn in éineacht lena chara mór Cathy Jordan agus tabharfaidh James Keane, Mick O’Connor agus John Kelly a dheartháir agus a gcara dílis Séan Keane chun cuimhne.

I gclár a 4 a bheidh le craoladh ar an 17 Nollaig, casfaimid le muintir Browne ar ceoltóirí agus damhsóirí ar an sean-nós iad ó bhaile in aice láimhe, An Chríoch i gCo. an Chláir agus le Neansaí Ní Choisdealbha atá gnóthach ag cur a cláir raidió laethúil i láthair ar Raidió na Gaeltachta. Cuirfimid aithne freisin ar an déantóir píob uileann áitiúil Derrick Gleeson agus ar bhaill de mhuintir Begley a thabharfaidh a n-athair agus a n-uncail, Séamus Begley, chun cuimhne. 

Is í Edel Fox, ceoltóir ar an gconsairtín as Sráid na Cathrach a léirigh agus a stiúir Scoil Samhraidh Willie Clancy do Tyrone Productions.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice