FÉACH: Craolfar clúdach ar An Tour de France agus a léirmheasanna ar TG4

Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun tráchtaireachta

Tá mioneolas fógartha ag TG4 faoi chraoladh beo teilifíse Tour de France 2024, an rás rothaíochta is mó le rá ar domhain, ar an stáisiún sin amháin.

Cuirtear tús le craoladh beo an stáisiúin ar an Tour maidin Dé Sathairn, an 29 Meitheamh le Cúrsa tosaigh an ráis ó Flórans go Rimini san Iodáil.

Beidh trí seachtaine an Tour le feiceáil beo ar TG4 ón lá tosaigh Dé Sathairn, an 29 Meitheamh go dtagtar go ceann scríbe i Nice Dé Domhnaigh, an 21 Iúil.

Beidh cúig uair an chloig ar an meán á gcraoladh beo gach lá chomh maith le clár leathuaire ag a 9in gach oíche ar a bhfeicfear buaicphointí an lae, réamhthráchtaireacht ar a bhfuil i ndán, torthaí agus agallaimh. Beidh clár eile de bhuaicphointí na seachtaine á chraoladh gach Luan.

Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

Beidh an Tour á chraoladh beo freisin ar Sheinnteoir TG4, ar www.TG4.ie agus ar Aip TG4.

Is é rás na bliana 2024 an 111ú uair a bhfuil an Tour de France, ceann de na 3 Grand Tours gach bliain, á eagrú. Is é an chéad uair riamh é nach i bPáras a bheidh an ceann scríbe, mar gheall ar an ullmhúchán do na Cluichí Oilimpeacha agus do na Cluichí Parailimpeacha.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice