FÉÁCH: 'Cad a bheadh i gceist le hÉire aontaithe?' - ar Iniúchadh TG4

Scrúdaítear sa chlár an róluath atá éileamh reifreann faoi aontas na hÉireann a eagrú i rith na ndeich mbliana seo romhainn

Ba cheart, de réir mar a deir Gerry Adams, iar-Uachtarán Sinn Féin, go mbeadh athruithe maidir le siombailí móra polaitíochta, mar shampla brat na hÉireann nó an t-amhrán náisiúnta, ina chuid den ábhar plé ag cainteanna ar bith a tharlaíonn san am atá le teacht ag féachaint le socrú a dhéanamh mar gheall ar Éire aontaithe. 

Scrúdaítear sa chlár, arna chur i láthair ag an iriseoir fiosrúcháin Kevin Magee, an róluath atá éileamh reifreann faoi aontas na hÉireann a eagrú i rith na ndeich mbliana seo romhainn agus fiosraítear conas a d'fhéadfaí milliún Aontachtóir a imeascadh in Éirinn aontaithe.   Déantar scrúdú sa chlár faisnéise uair a chloig ar cheist aontú na hÉireann agus na cúinsí ina dtarlódh reifreann faoi Aontú na hÉireann a chur ar siúl faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Deir Gerry Adams le lucht an chláir: “Tá mé sásta leis an bhrat mar atá sé ach má bhíonn daoine ag lorg caint faoi sin, cuir é ar an chlár. Is féidir le haon duine ábhar ar bith a chur ar an chlár agus labhróidh muid faoi.”  

Deir Bríd Rodgers, iar-Aire de chuid an SDLP i Stormont, gur cheart an brat trí dhath a scrúdú in athuair mar bhrat náisiúnta i gcomhthéacs aontú na hÉireann ó tharla nach dea-smaointe a bheadh á spreagadh in intinn na n-aontachtóirí.

Nuair a fiafraíodh de faoi mhalairt Amhrán na bhFiann mar amhrán náisiúnta in Éirinn aontaithe dá dtiocfadh sin chun tosaigh, deir an tUasal Adams gur cheart go mbeadh sin ina ábhar plé chomh maith. “An freagra [céanna] fosta. Má bhíonn daoine ag lorg amhrán náisiúnta eile, cuir é síos. Ní féidir le daoine a rá... "beidh muid ag pleanáil an todhchaí, ach ná bí ag caint faoi sin".  Ní sin an tslí ina bhfuil muid ábalta an próiseas a chur le chéile."

 Chuir Éamon Ó Cuív, Teachta Dála Fhianna Fáil as Gaillimh Thiar, in iúl don chlár go síleann sé go gcaithfí a bheith solúbtha faoi cheisteanna maidir leis an mbrat náisiúnta agus an t-amhrán náisiúnta dá dtiocfadh an lá a mbeadh caibidlíocht ar siúl faoi aontú na hÉireann.

Dúirt sé: “Formhór mhuintir náisiúnach na hÉireann, tá an bhratach fíorghar dá gcroí, agus an t-amhrán náisiúnta, ach cén caoi a dhéanfar é sin a láimhseáil – an bhfuil an tríú bealach ann, an ceathrú bealach ann, an cúigiú bealach ann, chun é sin a láimhseáil? ‘Creidim go bhfuil agus gurb shin an tsolúbthacht a theastódh do chomhráití. Agus sin an cineál ceiste go mb’fhearr a fhágáil ag comhráite,’ ar seisean.

Dúirt an tUasal Adams gur mhaith leis reifreann faoi Aontas na hÉireann a fheiceáil á eagrú sula mbíonn deich mbliana eile caite. Dúirt daoine eile le lucht an chláir go mbeadh aon éileamh maidir le reifreann a eagrú i rith na ndeich mbliana seo romhainn róluath agus ina ábhar deighilte.

Deir Gary Hastings, as Béal Feirste ó dhúchas, a bhí tráth ina reachtaire i séipéal na Tríonóide Rónaofa (Eaglais na hÉireann) i gCill Iníon Léinín, Contae Bhaile Átha Cliath, go mbeadh caint ar reifreann as seo go ceann 10 mbliana róluath ó tharla cuimhne go fóill ag daoine ar an bhfulaingt a tharraing ré na trioblóide i dTuaisceart Éireann.

‘‘An scoilt a bhí idir an dá thaobh ó thuaidh, d’éirigh sé iontach iontach leathan. Bhuel, ní dhearnadh sin a leigheas ó shin. B’fhéidir go bhfuil sé níos fearr ná an t-am sin, ach na drochrudaí a rinneadh ar an dá thaobh, tá na daoine sin beo go fóill agus iad gortaithe go holc go fóill. Nuair atá an mhuintir sin ar shiúl, nuair nach bhfuil ann ach stair, b’fhéidir go dtiocfadh leat bogadh ar aghaidh. Ach glacfaidh sé am.”

Cloistear ar an gclár freisin tuairimí ó cheoltóirí leis an East Belfast Protestant Boys’ Flute Band faoi aon chaint ar reifreann faoi aontú na hÉireann san am atá le theacht.

Deir John Keenan, duine den bhanna sin: “Ní dóigh liom gur cheart dúinn [reifreann a bheith againn], agus ní dóigh liom gur cheart iallach a chur orainn ceann a bheith againn. Is cuid lárnach den Ríocht Aontaithe é Tuaisceart Éireann agus ní dóigh liom gur cheart athrú ar bith teacht air sin amach anseo. Ní bheinn ag iarraidh cónaí i bPoblacht Éireannach. “Is Briotanaigh muid, ní Éireannaigh muid. Is í sochaí na Breataine agus modh maireachtála na Breataine is dual dom, tá sé san fhuil againn.”

Beidh Iniúchadh TG4 - Éire Aontaithe á thaispeáint mar chuid den tsraith cúrsaí reatha Iniúchadh TG4, Dé Céadaoin, an 29 Bealtaine ag 9.30in.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice