Faigheann lánúin Éireannach bás dhá lá óna chéile i rith na Nollag


Thit néalt an bhróin thar deisceart Dhún na nGall nuair a fuair fear agus bean a bhí pósta ar a chéile bás dhá lá óna chéile thar thréimhse na Nollaig.
Fuair Jackie McGettigan, Teach Heatherville, Benroe, Bruckless, bás ar an 23ú de Nollag agus a bhean chéile Ann McGettigan (née O’Farrell) bás Lá Nollag.
Beidh cuimhne go deo ag a gclann orthu, a mic John, Noel agus Pauric, a n-iníonacha Jacquline, Linda agus Deirdre, a n-iníonacha céile, deartháireacha Jackie Junior agus Michael, a deirfiúracha Maura, Ann agus Margaret, deirfiúracha Ann Breezie, Mary agus Jacinta, gaolta agus cairde leo.
Bhí Jackie agus Ann á fhaire i dTeach Sochraide Mc Brearty Dé Máirt, 26ú Nollaig, ó 4in-7in. Tógadh ansin as a dteach chuig Séipéal Naomh Seosamh agus Naomh Conal, Bruckless, le haghaidh Aifreann na sochraide ag 12 meán lae ar an Cheadaoin.
Adhlacadh ina dhiaidh sin iad i Reilig Naomh Muire, Na Cealla Beaga.
Iarradh bláthanna teaghlaigh amháin, ach is féidir síntiúis a thabhairt go fóill, más mian leat, d’Ospís an Iarthuaiscirt, Sligeach agus Ospidéal Pobail na gCealla Beaga.