Evan Ferguson ag dul ó neart go neart le Brighton


Conradh úr faoina ascaill ag Ferguson le Brighton go dtí 2029
Tá fear na mí, Evan Ferguson i ndiaidh conradh úr a shiniú le Brighton rud a fhagann leis an chlub é go 2029.
Tá an-bhuille ag Ferguson ar an liathróid agus bhí an t-iomrá ann go raibh clubanna eile sa tór air.
Dúirt cóitseálaí peile Brighton, Roberto De Zerbi, go bhfuil a chonradh úr tuillte ag an t-imreoir, nach bhfuil ach naoi mbliana déag d'aois, agus go n'eireodh go maith leis sa todhchaí.
Chuaigh Ferguson le Brighton i ndiaidh do bheith le na Bohemians i mi Eanair, 2021.
D'imir sé in aghaidh Arsenal an Nollag seo caite.