Dúnadh ceithre bhialann mar gheall ar sháruithe ar dhlíthe sábháilteachta bia

Dúnadh ceithre fhoirgneamh ar fud na tíreplaceholder image
Dúnadh ceithre fhoirgneamh ar fud na tíre

"Tá cearta bia sábháilte ag tomhaltóir, agus tá freagracht dhlíthiúil ar ghnólachtaí bia a chinntiú go bhfuil a gcuid bia sábháilte le hithe" - Dr Pamela Byrne

Tugadh le fios gur dúnadh ceithre bhialann mar gheall ar sháruithe ar dhlíthe sábháilteachta bia ar na mallaibh.

Dúirt urlabhraí ar son Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBÉ) gur seirbheáladh na horduithe seo ar ghnóthaí bia le linn mhí Eanáir 2023.

Faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Rialuithe Oifigiúla i ndáil le Reachtaíocht Bhia), 2020, seirbheáiltear Orduithe Dúnta agus Orduithe Toirmisc nuair nach bhfuiltear ag cloí le dlíthe bia.

Ba iad Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus cigirí tréidliachta na n-údarás áitiúil i gComhairle Contae Mhuineacháin a d’eisigh na horduithe.

Tá na bialanna/siopaí agus a n-orduithe liostaithe mar seo a leanas:

  • Seirbheáladh Ordú Dúnta amháin faoin Acht um ÚSBÉ, 1998 ar: Spiceland (Díoltóir éisc), Leitir Ceanainn.
  • Seirbheáladh Ordú Dúnta amháin faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Rialuithe Oifigiúla i ndáil le Reachtaíocht Bhia), 2020 ar: Happy Valley Chinese Take Away, Damhliag, An Mhí.
  • Seirbheáladh Ordú Toirmisc amháin faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Rialuithe Oifigiúla i ndáil le Reachtaíocht Bhia), 2020 ar: World of Spice, Baile Átha Cliath 1.
  • Seirbheáladh Ordú Toirmisc amháin faoin Acht um ÚSBÉ, 1998 ar: An foirgneamh ina bhfuil Antanas Damarodas suite, Baile na Lorgan, Co. Mhuineacháin.

Dúirt an Dr Pamela Byrne, POF, ÚSBÉ, go gcaithfidh córas láidir bainistithe sábháilteachta bia a bheith i bhfeidhm ag gach gnóthas bia: "Tá cearta bia sábháilte ag tomhaltóir, agus tá freagracht dhlíthiúil ar ghnólachtaí bia a chinntiú go bhfuil a gcuid bia sábháilte le hithe."

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice