Droch aimsir ar na bacáin a deir Met Éireann

There will be rain laterplaceholder image
There will be rain later

Tá cuma ar an scéil go mbeidh seachtain do dhroch aimsir amach romhainn an tseachtain seo le rabhadh éisíthe ag Met Éireann do sheacht gcontae dhéag. 

Tá rabhadh báistí stádas oráiste eisithe ag Met Éireann do chontaetha Chill Chainnigh, Loch Garman agus Phort Láirge, rachaidh an rabhadh sin in éag ag 4am amárach.

Rinneadh seachtain do bháisteach throm le gairid agus rinneadh cuid mhór damáiste i gCorcaigh agus i bPort Láirge. 

Tá rabhadh báistí stádas buí éisithe do chondae an Chlár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann agus Gaillimh go dtí 6 a chlog inniu.

Rachaidh rabhadh báistí stádas buí do Cheatharlach, do Chill Dara, do Laois, do Longfort, d’Uíbh Fhailí, don hIarmhí, do Chill Mhantáin agus do Ros Comáin i léig ag 4am amárach.

Tá baol ann go mbeidh toirneach sna ceantaracha ina mbeidh an bháisteach throm.

 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice