Daoine ar mhian leo teach a cheannach thar lear a lorg ag seó teilifíse

Maggie Molloyplaceholder image
Maggie Molloy

Léiríonn an clár go bhfuil daoine ábalta títhí a cheannach ar phraghas réasúnta thar lear

Tá an fhoireann léiriúcháin atá ag obair ar an dara sraith don chlár Cheap European Homes ag lorg daoine atá ag iarraidh conaí thar lear. 

Tá AV3 / Cameo Productions ag iarraidh cluinstin ó dhaoine atá scéal ar leith le hinse acu agus atá ag iarraidh tús úr a chur lena saol i dtír ar dhroim na hEorpa.

Is í an laithreoir Maggie Molloy a bheas ag cuardadh cuidithe ó innealtóirí agus ailtirí le títhí a roghnú dóibh seo atá ag ghlacfadh páirt sa chlár. Beidh na títhí a lorg sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodaíl, sa Ghréíg agus áiteanna eile ar fud fad na hEorpa. 

Gheobhaidh siad seo atá ag ghlacfadh páirt sa chlár comhairle ó thaobh cúrsaí cánach agus an dlí sa tír ina bhfuiltear ag smaointiú cur fúthú ann. 

Dúirt priomhfheidhmeannach Av3/Cameo Productions, Michael Lynch, go léiríonn an clár go bhfuil daoine ábalta teach a cheannach ar phraghas réasúnta i dtíortha atá grianmhar agus te. 

Má tá tuilleadh eolais de dhith ort faoin chlár seol riomh-phost chuig [email protected] roimh Eanáir 26.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice