Search

28 Feb 2026

Nochtann RTÉ pleananna spreagúla chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh

Tá feachtas athnuaite i nGaeilge á chur ar fáil ag RTÉ agus beidh rogha níos mó d'ábhar ar leith i nGaeilge agus dátheangach le feiceáil beo, bríomhar ar an teilifís, an raidió agus ar líne

Nochtann RTÉ pleananna spreagúla chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh

Íomhá: Slán go Feoil. Toose Mac Gearailt and Helena having lunch in Corca Dhuibhne

Tá ríméad ar RTÉ oibriú i gcomhar le Conradh na Gaeilge arís do Sheachtain na Gaeilge 2026, tráth a ndéantar ceiliúradh bríomhar ar ár dteanga, ár gcultúr agus ar an sásamh atá le baint as do chúpla focal a labhairt. 

 Seachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl ón Domhnach an 1 Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig, Dé Máirt an 17 Márta, ar cheann de na féilte Gaeilge is mó agus is cuimsithí ar domhan.

Agus é ina chomhpháirtí bródúil meán cumarsáide, déanfaidh RTÉ an ócáid a cheiliúradh le feachtas athnuaite i nGaeilge agus beidh rogha níos mó d'ábhar ar leith i nGaeilge agus dátheangach le feiceáil beo, bríomhar ar an teilifís, an raidió agus ar líne.

LÉIGH FREISIN | Cuireann an chéad Chluiche NFL in Éirinn €104.5 Milliún Ar Fáil do Gheilleagar na hÉireann

Chun téama na bliana seo, A Ghaeilge, mo cheol thú a léiriú, déanfaidh RTÉ ceiliúradh ar cheol agus ar bheocht na teanga i rith na féile. Idir na cláir nua, na gnéchláir speisialta agus an t-ábhar digiteach feabhsaithe, tabharfaidh RTÉ spiorad Sheachtain na Gaeilge chuig an lucht féachana agus éisteacht sa bhaile agus thar lear.

BUAICPHOINTÍ ÁBHAR FUAIME RTÉ

RTÉ Radio 1

Cuirfidh Céilí House ó RTÉ Radio 1 tús leis an gceiliúradh ceoil le seó speisialta ó Amharclann Chois Fharraige in Indreabhán Dé Sathairn an 28 Feabhra chun ceiliúradh a dhéanamh ar a sraith nua de cheolchoirmeacha, 'Foinn Cois Fharraige'.  

Beidh ealaíontóirí agus amhránaithe mná iontacha le cloisteáil in Rolling Wave ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, agus beidh The South Wind Blows agus Folk on One páirteach sa cheiliúradh ceoil freisin.

Ar RTÉ Raidió 1 freisin, beidh Doireann Ní Ghlacáin ag filleadh orainn ina sliotán seachtainiúil ar chlár Oliver Callan, agus í ag múineadh focail agus frásaí Gaeilge nua do Oliver. Cloisfear chomh maith an t-amhránaí agus cumadóir amhrán de chuid na hÉireann Lisa Murray, a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar na haistriúcháin Ghaeilge‑ ‑atá déanta aici ar amhráin Taylor Swift.

Beidh na héisteoirí in ann éisteacht le Éamon Ó Corcráin ó gaeilgeoirguides.com as Sydney, áit a bhfuil pobal bríomhar Gaeilge ‑, agus tarraingeoidh Éadaoin Fitzmaurice aird ar na háiteanna ar fearr léi cuairt a thabhairt orthu fud fad na Gaeltachta.

Ar Liveline, beidh saineolaí foclóireachta in éineacht le Kieran Cuddihy chun iniúchadh a dhéanamh ar ghnáthfhocail nach dtuigeann éisteoirí b’fhéidir gur as an nGaeilge a tháinig siad, agus beifear ag iarraidh ar an lucht éisteachta samplaí áitiúla, neamhghnácha nó focail atá ligthe i ndearmad le fada óna dteaghlaigh agus óna bpobail féin a roinnt.‑

Ar Drivetime, tabharfaidh an tuairisceoir Úna Kelly cuairt ar Mhalartán Teanga Bhaile Átha Cliath chun bualadh le hÉireannaigh agus le daoine nua isteach atá ag foghlaim na teanga. Déanfaidh Sunday Miscellany ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge le píosaí a coimisiúnaíodh go speisialta ó Éilís Ní Dhuibhne, Catherine Foley agus Laoighseach Ní Choistealbha.

Ábhar a bheidh á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar 2FM ag an am céanna

Beidh Raidió na Gaeltachta agus 2FM ag teacht le chéile le haghaidh sraith de chraoltaí speisialta le linn Sheachtain na Gaeilge, agus Hugh Carr agus Aindriú De Paor ag cur scoth an nuacheoil Ghaelaigh i láthair chomh maith le neart craic agus comhrá. Beidh na cláir ag tosú ar 2FM an 9 Márta agus ar Raidió na Gaeltachta ón 10 – 13 Márta agus ón 17 – 20 Márta ag 9.00pm.  

Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin

Ar an 1 Márta ar an gclár Focal ar Fhocal, léifidh Seán Ó Gallchóir sleachta as an leabhar Rotha Mór an tSaoil, beathaisnéis an údair agus scéalaí, Micí Mac Gabhann, a rugadh i nDún na nGall in 1865. Leanfaidh Féasta Ceoil an Spidéil, sraith ceolchoirmeacha a taifeadadh beo i Stiúideo Cuan i gConamara, ar aghaidh le Síle Denvir agus Barry Kerr an 4 Márta agus John Spillane againn an 11 Márta.

Ar an 6 Márta, beidh Iris Aniar á chraoladh beo ó Choláiste Ghobnait ar Inis Oírr chun comóradh 40 bliain na scoile a cheiliúradh. Labhróidh Micheál Ó Tuathail le muintir an oileáin atá tagtha le chéile chun an ócáid mhór seo a cheiliúradh. Ar Pé Scéal É, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill gach Aoine, bíonn ceol agus comhrá againn ó chainteoirí óga Gaeilge ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Beidh ceol beo acu ó bhannaí nua atá ag teacht chun cinn, ina measc Alúine an 6 Márta agus na Kettleboilers an 13 Márta.

Leanfaidh an clúdach ar shraitheanna Peile agus Iomána Allianz ar Spórt an tSathairnSpórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae, agus ar na cluichí a bheidh faoi chaibidil beidh Dún na nGall v Gaillimh (peil Roinn 1) an 1 Márta, Gaillimh v Cill Chainnigh (iománaíocht Roinn 1A) an 7 Márta, agus Ciarraí v Maigh Eo (peil Roinn 1) an 14 Márta.

Agus ar 2FM

Beidh nuacht agus eolas tráchta dátheangach ag 2FM i rith na dtrí seachtaine chomh maith, agus cuirfidh Hugh Carr na singil is fearr den tseachtain i láthair ar chlár dátheangach 2FM National Chart Show ó 7.00pm - 9.00pm Dé hAoine.

RTÉ lyric fm

Ar RTÉ Lyric FM is é Billy Mag Fhloinn an láithreoir ar shraith nua laethúil, Focail agus Ciall. Beidh sé ag nochtadh na scéalta atá taobh thiar d’fhocail chumhachtacha i nGaeilge agus taobh thiar den bhéaloideas.  Tarraingeoidh Aedín in the Afternoon (13 Márta) aird ar na healaíontóirí clasaiceacha agus traidisiúnta is fearr in Éirinn, agus in Movies and Musicals (14 Márta) déanfar ceiliúradh mór ar scannáin na hÉireann. Ar Lá Fhéile Pádraig, ar Lorcan Murray's Classic Drive (16.00–19.00) beidh léirithe beo ó cheoltóirí traidisiúnta aitheanta agus pléifear an tionchar a bhí ag grúpaí mór le rá ó The Bothy Band go dtí The Gloaming.

Féadfaidh na héisteoirí a scíth a ligean le Suaimhneas agus cuirfidh The Lyric Feature trí chlár i láthair ina ndéantar iniúchadh ar shaibhreas na Gaeilge tríd an amhránaíocht, ábhar cartlainne agus an scéalaíocht.

BUAICPHOINTÍ NA bhFÍSEÁN AR RTÉ

RTÉ One agus RTÉ Player

Tabharfar tús áite ar RTÉ Player do scoth an ábhair Gaeilge agus tabharfar ardán ar a leathanach baile do rogha ábhair atá curtha in oiriúint do gach aoisghrúpa agus fáilte á chur roimh an lucht spéise blaiseadh a fháil den saibhreas iontach ábhair a chuireann‑ Cláracha Gaeilge RTÉ ar fáil.

I sraith úrnua ceithre chlár i nGaeilge, leanann Slán go Feoil (príomhíomhá) grúpa atá ina bhfeoiliteoirí díograiseacha agus iad ag fágáil slán leis an Big Mac agus ag tabhairt faoin dúshlán éirí as feoil go ceann míosa.

Agus treoir acu ó chothaitheoirí, cócairí agus daoine atá an-tugtha don bhia, aimsíonn siad blasanna nua, nósanna nua, agus b'fhéidir leaganacha nua díobh féin agus iad ag fáil amach faoi bheith i d’fheoilséantóir i gCiarraí, i nDún na nGall agus i mBéal Feirste.

Beidh tú in ann a n-aistear a leanúint ón Luan an 16 Márta ag 8.30pm ar RTÉ One. 

Amach san Earrach, beidh an lucht féachana i gceartlár an aonaigh le haghaidh na huaireanta is cinniúnaí i saol an duine in Breith Beatha Bás. Leantar ceiliúraí tuata de chuid na hÉireann agus na daoine a bhíonn ag brath orthu sa tsraith seo le linn dóibh a bheith ag ullmhú do phóstaí, sochraidí agus searmanais thábhachtacha atá lán le mothúcháin, leochaileacht, caidreamh agus daonnacht.

Is beag rud eile a chuireann an teaghlach Éireannach i gcuimhne dúinn chomh mór le boladh móna. Ach leis an athrú atá ag teacht ar an gcomhshaol agus ar na traidisiúin, ní fios céard atá i ndán di. Sa chlár faisnéise uair an chloig For Peat's Sake , téitear go domhain i scéal an phortaigh in Éirinn, a oidhreacht, a áilleacht, agus a bhfuil i ndán don tírdhreach íocónach seo agus don chultúr a bhaineann leis.

Ó mhí an Mhárta 2026 ar aghaidh, féadfaidh tú a bheith ag súil le níos mó ná 'Focal an Lae' ó fhoireann Today mar go mbeidh siad ag cur leis an ábhar a bhíonn acu i nGaeilge.  Idir na cócairí, na garraíodóirí agus lucht an fhaisin, féadfaidh tú a bheith ag tnúth le go leor aghaidheanna nua agus ábhar atá níos dátheangaí.

Ar Nationwide ar RTÉ One agus RTÉ Player, Dé LuaIn 2 Márta, rachaidh Bláthnaid Ní Chofaigh ar thuras le Baile Átha Cliath le Gaeilge, a bhfuil feachtas acu chun tacú le daoine agus iad a spreagadh le cúpla focal Gaeilge a úsáid sa siopa, sa leabharlann agus fiú san ionad spóirt.

Tá pobail de chainteoirí Gaeilge ag teacht le chéile mar gheall ar chaithimh aimsire comhroinnte agus grá don Ghaeilge. Buaileann an tuairisceoir Zainab Boladale leis an gcomharghrúpa ealaíon Aerach-Aiteach-Gaelach, a chuireann imeachtaí ar siúl ionas gur féidir le pobal LADTAIÉ+bualadh le chéile agus Gaeilge a labhairt.

RTÉ KIDS

Tá neart ábhar i nGaeilge do pháistí ar RTÉ KIDS agus RTÉ KIDSjr, ar chainéil YouTube RTÉ KIDS agus ar rannóg na bpáistí ar RTÉ Player.

Beidh Bluey ag teacht i mí Aibreáin tráth a mbeidh tú in ann taitneamh a bhaint as bheith ag breathnú ar ghnáthimeachtaí an lae ag athrú isteach ina n-eachtraí samhlaíocha, spreagúla leis an gcoileán spraíúil, aisteach gadhair stoic agus a chairde agus a theaghlach ar fad ag glacadh páirt sa spraoi.

Lean eachtraí Gigi in GOAT GIRL, cailín 13 bliana d'aois a tógadh leis na gabhair agus í ag dul i ngleic leis an saol le stuacacht agus le neart gabhar sléibhe. Anois agus í ag tabhairt aghaidh ar thír-raon fiáin na scoile den chéad uair, beidh uirthi déileáil le daoine - agus b’fhéidir cúpla cara a dhéanamh ar feadh an bhealaigh. (Dé Luain an 2 Márta ag 12.40pm, ansin dhá chlár i ndiaidh a chéile ón Aoine 20 Márta ar RTÉ2).

In Adam ar Eachtra, téann Adam agus criú an Shelby de léim isteach in eachtraí sci-fi osréalaíocha, agus iad ag bualadh le heachtrannaigh aisteacha agus ag dul ar aistear tríd an saol fantaiseach.

Lena gcomhbhá, obair foirne, agus loighic, réitíonn siad fadhbanna atá bunaithe ar fhadhbanna sa bhfíorshaol agus faigheann siad amach gur féidir le Adam teacht ar chomhthuiscint le duine ar bith. Bíonn greann, eolaíocht den scoth agus cairde nua i gceist le gach ceann de na misin.  (Dé Luain an 9 Márta, agus dhá chlár i ndiaidh a chéile i rith na seachtaine ag 11:05am ar RTÉ KIDSjr).

Ar RTÉ KIDS Podcasts, tugann sraith nua de Ón Domhan Thíos na páistí ar thuras draíochta, miotasach isteach i miotaseolaíocht na hÉireann chun scéal nua a chruthú; ar nós Stranger Things agus an Ghaeltacht ag teacht le chéile!

RTÉ.ie

Ar líne, leanfaidh www.rte.ie/gaeilge de bheith ag tarraingt airde ar an scoth den ábhar Gaeilge atá ag RTÉ ó gach cuid den eagraíocht agus ó áiteanna fud fad na tíre. Tá sé lom lán de smaointe, inspioráid agus tacaíocht d'aon duine atá ag iarraidh cur lena gcúpla focal, chomh maith le haird a bheith á tarraingt ar gach a bhfuil ar fáil le linn Sheachtain na Gaeilge.

Má theastaíonn uait feabhas a chur ar do chuid Gaeilge sa mhí seo chugainn, gheobhaidh tú neart acmhainní a chabhróidh leat ar Learning Irish ar rte.ie.

Féach ar rte.ie/gaeilge agus lean RTÉ ar Facebook, Twitter agus Instagram ag baint úsáid as #snag26   chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi Sheachtain na Gaeilge ar RTÉ.

Féach ar www.snag.ie chun teacht ar eolas faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.