Creidtear go bhfuil bean gortaithe go dona tar éis imbhualadh rothair i mBaile Átha Cliath


TÁ GARDAÍ ag lorg finnéithe ar imbhualadh idir dhá rothar ar maidin inniu (18 Meán Fómhair) a d'fhág bean le gortuithe tromchúiseacha.
D'fhreastail Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar láthair an imbhuailte, a tharla ar Bhóthar na Lus, Glas Naíon, Baile Átha Cliath ag thart ar 10rn.
Tá an bhean, a bhí ag marcaíocht ar cheann de na rothair, tugtha go hOspidéal Ollscoile an Mater Misericordiae i mBaile Átha Cliath. Níl aon eolas eile ar a riocht ar fáil faoi láthair.
Fuair rothaithe fireann gortuithe freisin, ach creidtear nach bhfuil siad seo bagrach don bheatha.
Tá an bóthar dúnta faoi láthair agus tá atreoruithe áitiúla i bhfeidhm.
Tá Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhfuil eolas acu nó a chonaic an t-imbhualadh seo dul i dteagmháil leo.