Costas seomraí óstáin i mBaile Átha Cliath le plé

placeholder image

"Sílim go bhfuil gá le rialúchán. Sílim gur náire é an mhéid atáthar ar siúl i mBaile Átha Cliath," a dúirt Alan Kelly, TD an Lucht Oibre.

Tá cruinniú le bheith ag airí rialtais le hoibreoirí óstán an tseachtain seo chugainn le dul i ngleic le hardchostas atáthar á ghearradh ar sheomraí, a dúradh le coiste an Oireachtais ní ba luaithe.

Chuala an Coiste um Chuntais Poiblí líomhaintí go raibh praghasanna ró ard a ghearradh ar dhaoine atá ag fanacht in óstáin. 

"Sílim go bhfuil gá le rialúchán. Sílim gur náire é an mhéid atáthar ar siúl i mBaile Átha Cliath," a dúirt Alan Kelly, TD an Lucht Oibre.

Dúirt Katherine Licken, Ard-Rúnaí sa Roinn Turasóireachta, go bhfuil an Rialtas eolach ar an cheist seo agus go mbeidh na hairí ag bualadh leo seo atá ag obair san tionscal an tseachtain seo chugainn. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice