Comhartha ceist faoi cén treo a ráchfas Pat 'the Cope' Ó Gallchóir i mbliana

Out and about with Pat the Cope Gallagherplaceholder image
Out and about with Pat the Cope Gallagher

D'iarr Ó Gallchóir go mbeidh sé ag obair ar son an phairtí ar an fhód - sa Dáil cheantar

Ni bheidh ainm an pholaiteoir Pat 'the Cope' Ó Gallchóir ag dul san iomaíocht do phairtí Fhianna Fáil sna toghcháin Eorpacha, i mbliana.

Ghniomhaigh an pholaiteoir mar chomhairleoir contae, mar Theachta Dála (TD) agus mar fheisire Eorpach do phairtí Fhianna Fáil thar na mblianta. Tóghadh don chéad uair go Dáil Éireann é ar an 12ú lá de mhí Mheitheamh, 1981.  

D'obair sé mar TD ó 1981 go dti 1997, ó 2002 go dtí 2009 agus ó 2016 go dti 2020 nuair a chaill sé a shuiochan. D'obair sé mar feiseire Eorpach ó 1994 go dtí 2002 agus ó 2009 go dti 2014.

Dheimhnigh sé an oiread seo níos luaithe an tseachtain seo i litir a sheol sé amach ag baill an phairtí. 

Beidh an seanadóir Niall Blaney ag lorg ainmniúchán do phairtí Fhianna Fáil agus d'iarr Pat 'the Cope' Ó Gallchóir ar bhaill an phairtí tacú leis. 

Níl sé deimhnithe, afách, cé acu an mbeidh Ó Gallchóir ina rith do Fhianna Fáil san olltoghchán. Táthar don bharúil go mbeidh olltoghchán ann i mbliana. 

Dúirt Ó Gallchóir go leanfaidh sé leis ag obair do Fhianna Fáil sa dáilcheantair.  

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice