Comhaltaí nua cheapaithe ag cruinniú boird TG4 i mBaile na hAbhann

Bhí Sonia Nic Giolla Easbuig , Róisín Ní Ráighne, Aedín O'Leary (Ní Laoire) agus Seán Ó Cuirreáin i láthair
Reáchtáladh cruinniú de Bhord nua TG4 i mBaile na hAbhann, i gCo na Gaillimhe le gairid. I láthair bhí an cathaoirleach nua Anna Ní Ghallachair, na comhaltaí nua cheapaithe Sonia Nic Giolla Easbuig , Róisín Ní Ráighne, Aedín O'Leary (Ní Laoire) agus Seán Ó Cuirreáin.
Tá Seán Ó Domhnaill, Bríd Ní Fhachtan, Darach O Tuairisg, Mairéad Ní Nuadháin, Frank Reidy agus Siobhán Ní Ghadhra ar an bhord chomh maith.