Ceapacháin nua d’Údarás na Gaeltachta fógartha

D'FHÓGAIR Catherine Martin T.D., Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Patrick O'Donovan, T.D., Aire Stáit na Gaeltachta, go bhfuil cúigear gnáthchomhalta nua ceaptha acu d’Údarás na Gaeltachta don tréimhse go deireadh 2024 agus go bhfuil síneadh curtha le téarma Mary Uí Chadhain mar Chathaoirleach an bhoird go dtí deireadh na bliana seo, tráth a n-éiróidh sí as a ról mar Chathaoirleach ach a bhfanfaidh sí ag feidhmiú mar ghnáthchomhalta go deireadh 2024.
Tá curtha in iúl don Roinn ag an gComhalta, Debra Ní Shúilleabháin, go mbeidh sí ag éirí as a ról ar an mbord le héifeacht láithreacht.
Fágfaidh sé seo uile go mbeidh folúntas amháin ar an mbord sa thréimhse suas go deireadh na bliana nuair a fhógrófar Cathaoirleach nua na heagraíochta.
Dúirt an an tAire Martin: "Tá áthas orainn na ceapacháin seo a fhógairt agus táim cinnte go rachaidh comhaltaí nua Údarás na Gaeltachta i mbun a gcuid oibre le fuinneamh agus le dúthracht. Is eagraíocht í an tÚdarás a bhfuil ról lárnach le himirt aici i saol phobal na Gaeltachta agus cuirfidh na comhaltaí nua atá fogartha inniu leis an ról sin sa tréimhse amach romhainn."
"Is cinnte go mbíonn agus go mbeidh dúshláin éagsúla, sean agus nua, ag teacht i dtreo Údarás na Gaeltachta go síoraí seasta, ach rachaidh an cumas, an taithí agus an réimse leathan scileanna atá ag na comhaltaí seo go léir chun sochar go mór don eagraíocht," a dúirt an tAire Stáit O’Donovan.