Bunaíonn an tAire Sláinte Grúpa Oibre an Phlean Náisiúnta um Chúram Éisteachta

placeholder image

Beidh an Grúpa Oibre an Phlean um Chúram Éisteachta faoi chomhchathaoirleacht na Roinne Sláinte agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Bhunaigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, Grúpa Oibre an Phlean Náisiúnta um Chúram Éisteachta

Beidh an Grúpa Oibre an Phlean um Chúram Éisteachta faoi chomhchathaoirleacht na Roinne Sláinte agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE).

Tarraingítear ballraíocht sa Ghrúpa Oibre ó pháirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear Cumann Éisteolaithe um Áiseanna Éisteachta na hÉireann, Acadamh Éisteolaíochta na hÉireann, agus an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Breithneoidh Grúpa Oibre an Phlean um Chúram Éisteachta an leibhéal reatha de sholáthar cúraim éisteachta in Éirinn, srianta acmhainne, deiseanna laistigh de FSS, agus an nasc cuí idir soláthar cúraim phoiblí agus phríobháideach chun torthaí dearfacha a uasmhéadú d'othair. Dréachtóidh Grúpa Oibre an Phlean um Chúram Éisteachta Plean Náisiúnta um Chúram Éisteachta ina mbeidh moltaí chun samhail iomlánaíoch de chúram éisteachta a fhorbairt in Éirinn.

Dúirt an tAire Donnelly: “Tá áthas orm gur bhunaigh mé Grúpa Oibre an Phlean Náisiúnta um Chúram Éisteachta a fhorbróidh Plean le moltaí chun samhail iomlánaíoch de chúram éisteachta a fhorbairt. Tá fonn orm go mbreithneofar dearcthaí na bpáirtithe leasmhara ábhartha go léir, agus go háirithe ó othair agus chúramóirí, i bhforbairt an Phlean seo.

“Mar thosaíocht, tá sé de chúram ar an nGrúpa Oibre tograí costáilte a ullmhú, laistigh de dhá mhí ó cuireadh tús leis, chun acmhainn a fheabhsú agus rochtain ar sheirbhísí a fheabhsú. D'iarr mé ar an nGrúpa Oibre an Plean um Chúram Éisteachta a chur i gcrích laistigh de thréimhse ama réasúnta.

“Táim ag súil go mór leis na moltaí a eascraíonn as obair an Ghrúpa seo a fheiceáil. Tá a fhios agam go mbeidh feabhsú an chúraim dóibh siúd atá ag fulaingt de bharr caillteanas éisteachta i gcroílár na moltaí a rinneadh."

Forbróidh Grúpa Oibre an Phlean Cúraim Éisteachta, arna bhunú ag an Aire Sláinte, agus faoi chomhchathaoirleacht na Roinne agus FSS, Plean Náisiúnta um Chúram Éisteachta a chinntíonn go dtugtar aird chuí ar Thuarascáil Dhomhanda EDS ar Éisteacht agus go bhfuil sí bunaithe uirthi.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice