Buiséad malartach 2024 a fhoilsiú ag Sinn Féin tráthnóna inniu


Beidh Sinn Féin ag foilsiú a mBuiséad malartach 2024 tráthnóna inniu agus deir siad go bhfuil pleananna sa phacáiste a bheadh ina bhuntáiste do theaghlaigh an gheimhreadh seo.
Luaitear sa phacáiste seo go ndéanfadh an pháirtí luach leictreachas a choinneál ar an leibheál céanna agus a bhí sé roimhe aimsir na géarchéime agus go bhfaighfaí reitigh don cháin charbóin.
Tá pleananna sa bhuiséad malartach a bheadh ina bhuntáiste díbh seo atáthar ag streacháilt le cursaí morgáistí chomh maith.
Dúirt Teachta Piarais Ó Dochartaigh ar Morning Ireland, ní ba luaithe inniu, go bhfuil an buiséad fá dtaobh de tógáil títhí, ag tacú le teaghlaigh agus fá an todhchaí.