Buann Misha Quinn (10) Craobh Dhomhanda Damhsa Gaelach


Fuair an cailín deich mbliana d'aois a dara teideal domhanda abhaile le déanaí ag Arena INEC Gleneagle
Tá cailín óg, Misha Quinn, tar éis an chatagóir fé-10 a bhuachan ag Craobhchomórtas Oscailte Domhanda Damhsa Gaelach CRN.


Anois ina gcónaí i gCill Dhéagláin, i gContae na Mí is as an bhFál Carrach do bheirt tuismitheoirí Misha, Cherie agus Michael. Tar éis di an comórtas rince sa chatagóir fé-9 a bhuachan i mí Iúil seo caite, ghlac Misha an corn chun a seanmháthair Sadie, a bhfuil cónaí uirthi san Fhál Carrach, a thaispeáint.


Chuir deirfiúr Misha, Shaneice Quinn, an séú háit sa chatagóir fé-18 mbliana d’aois
Tá Misha ag damhsa ó bhí sí cúig bliana d’aois agus tá beirt deirfiúracha aici san iomaíocht freisin, Shaneice agus Kevia atá ocht mbliana déag agus cúig bliana déag faoi seach.
Kevia Quinn, a chuir san ochtú háit déag sa chatagóir fé-16