Buaireamh ar an Aire de bharr cibearbhulaíocht ar pháistí bunscoile


Tá taithí ag 40% de pháistí mheánscoile ar chibearbhualaíocht
Deir an tAire Oideachais Simon Harris go bhfuil sé scanrúil go léiríonn tuarascáil go bhfuil taithí ag 25% de pháistí bhunscoile ar chibearbhulaíocht.
Léiríonn an tuascáil 'Trends and Usage Report' ón gcarthanas náisiúnta CyberSafeKids gur tharlaigh an cibearbulaíocht do na páistí le bliain anuas.
Ardaíonn an figúir sin go 40% nuair a thagann sé go dtí chibeartbhulaíocht ar pháistí mheánscoile.
Chonacthas san tuarascáil gur girseachaí is mó atá bualaíocht a dhéanamh orthu ach go bhfuil gasuraí níos moille ag teacht chun cinn le labhairt faoin fhadhb.
Léirigh an taighde chomh maith, go raibh taithí ag breis is ceathrú de na scolairí óga a ndéarnadh suirbhé orthu rud inteacht ar-líne a chuir isteach orthu nó a chuir eagla orthu.
Nior inis 33% de na páistí a tháinig trasna ar rud inteach nár mhian leo feiceáil ar an idirlion de dhuine fásta nó do chara é.
Dúirt an tAire go bhfuil orthu seo atá i mbun na meáin shosíalta iarracht a dhéanamh rudaí a chur ina cheart.