Buaileann múinteoir Éireannach leis an bPápa Leo XIV le linn éisteachta príobháidí sa Vatacáin


Bhí Luke Casserly mar chuid d'oilithreacht múinteoirí óga Caitliceacha ó Éirinn, Albain, Sasana agus an Bhreatain Bheag
Bhuail an múinteoir Gaeilge Luke Casserly leis an bPápa Leo XIV le linn éisteachta príobháidí i Halla Clementine i bPálás Aspalda na Vatacáine mar chuid d'oilithreacht múinteoirí óga Caitliceacha ó Éirinn, Albain, Sasana agus an Bhreatain Bheag.
Thaistil an fear as Longfort chun bualadh leis an bPápa Dé Sathairn, an 5 Iúil seo caite.
LÉIGH TUILLEADH: Ollamh Béarla ceaptha ina Uachtarán nua ar Ollscoil na Gaillimhe
D'eagraigh na Seirbhísí Oideachais Caitliceacha i ngach ceann de na dlínsí an ócáid, agus ba é Easpag Chluain Mhic Nóis agus Ardach, Paul Connell, duine de na ceannairí agus na príomh-eagraithe.