Booker Prize bronnta ar Éireannach


Tá Paul Lynch i ndiaidh an Booker Prize a bhaint
Bhain fear a rugadh i gContae Luimnigh agus de bhunadh Dhún na nGall mór-ghradam litríochta Booker Prize na bliana seo ag ócáid a bhí ar siúl i Londain aréir.
Bronnadh an gradam ar an údar Paul Lynch don úrscéal Prophet Song.
Tá an duais bainte ag cúigear Éireannach go dti seo.
Chaith Paul Lynch tréimhse dona shaol ag obair le na nuachtáin naisiúnta fá Bhaile Átha Cliath.
Tá leabhair eile scríofa aige, ina measc, Grace, The Black Snow, Red Sky in the Morning agus Beyond the Sea.
Tá neart aitheantais bainte amach aige go dti seo.