Bhuaigh imreoir EuroMillions Plus €500,000 mar phríomhdhuais
TÁTHAR ag impí ar imreoirí Euromillions i mBaile Átha Cliath logáil isteach ina gcuntais Chrannchuir Náisiúnta ar líne tar éis d’imreoir amháin sa phríomhchathair an príomhdhuais de €500,000 a bhaint amach i gcrannchur EuroMillions Plus oíche Dé Máirt.
Tá sé deimhnithe ag an gCrannchur Náisiúnta go bhfuil fógra chuig cuntas ar líne an úsáideora agus ríomhphost ar leith seolta anois chuig sealbhóir ticéad Baile Átha Cliath.
Ba iad na huimhreacha a bhuaigh i gcrannchur EuroMillions Plus Dé Máirt an 3 Deireadh Fómhair ná: 05, 27, 34, 42 agus 45.