Beidh an mórghealach le feiceáil ar an Aoine agus ar an Satharn


Beidh daoine ag súil le spéartha glana chun leis an mórghealach a fheiceáil tráthnóna Dé hAoine agus Dé Sathairn seo chugainn.
Is í an oíche is fearr chun an mórghealach a fheiceáil nó ar an Aoine nó beidh sí ag ardú ó 7.18pm, dar le Réalteolaíocht Éireann.
Beidh an ghealach ag ardú ó 7.31pm oíche Shatharn.
Bíonn an ghealach iontach mór nuair atá sé go congarach don domhan.
Tá sé ráite ag Met Éireann, áfach, go mbeidh sé scamallach sa deisceart thar oíche agus go mbeidh báisteach san iarthar agus san iardheisceart.