Bás an tEaspag Dave O’Connell

placeholder image

Is mór an cúis bhróin dó Chaitlicigh atá conaí orthu timpeall dheisceart California faoi bháis an tEaspaig David O’Connell i Los Angeles. 

Is mó aithne a bhí ar an tEaspag mar ‘The Peacemaker.’ Bhí cáil air as ucht a chuid oibre le pobail bhochta imirceacha. Scaoileadh é agus é ina chodladh ina theach conaí in oirthear Los Angeles. 

Ghabhadh na gardaí duine agus rinneadh é a cheistniú maidir leis an eachtra.

Rugadh agus tógadh an tEaspag i nGleann Maghair i gContae Chorcaí. Rinne sé staidéar don tsagartacht i gColáiste Naomh Uile i mBaile Átha Cliath agus oirníodh ina shagart é in Ard-Deoise Los Angeles i 1979.

Rinne Ardeaspag Los Angeles José H. Gómez cur síos ar an tEaspag ag preasagallamh. Bhí sé ag iarraidh na deora a choinneáil siar agus é ag labhairt faoi O’Connell. 

I rith a ghairmréime ar fud Chontae Los Angeles, sheas O’Connell an fód in aghaidh oifigigh feidearálacha agus áitiúla, agus fiú a cheannairí féin ar son na daoine seo a d'fhreastal sé orthu.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice