IS COSÚIL go ndearnadh loitiméireacht ar mhúrmhaisiú Joe Biden ag Bachelors Walk i nDún Dealgan an tseachtain seo.
Péinteáladh na focail “War Crims” agus “Free Palestine” ar an saothar le péint dhearg is dócha.
Chruthaigh an t-ealaíontóir Francach Aero an saothar mar chuid d’Fhéile Ealaíne Uirbeach SEEK le déanaí chun cuairt Uachtarán SAM ar an mbaile i mí Aibreáin na bliana seo a chomóradh.
Léiríonn an múrmhaisiú nasc Biden le Dún Dealgan agus tuaisceart Lú ag léiriú an turas inimirceach a rinne a shin-seanathair, Owen Finnegan nuair a d’imigh sé ó Lú go Nua-Eabhrac sa bhliain 1849.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.