Athruithe ar phinsin ag teacht i bhfeidhm ó 2024

Image by Bruno Glätsch from Pixabayplaceholder image
Image by Bruno Glätsch from Pixabay

Beidh deiseanna ag daoine cur lena bpinsin amach anseo dá má mhían leo

Beidh rogha ag muintir na hÉireann fanacht i mbun oibre go mbeidh siad scór go leith bliain d'aois le pinsean níos airde a fháil nuair a rachaidh siad ar scor, de réir athruithe úra a fógraíodh inniu. 

Rinne an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, na pleananna a fhogairt do dhaoine a bhéas ag lorg pinsean. 

Beidh na hathruithe ag teacht i bhfeidhm ón chéad lá de mhí Eanair. 

Beidh daoine atá ag dul amach ar scor ábalta fanacht ag obair go mbeidh siad 70 bliain d'aois le pinsean ní b'airde a shaothrú.

Tugann sé deis de dhaoine cur lena bpinsin agus deis do dhaoine a thosaigh ag obair go mall níos mó airgead a fháil nuair a éiríonn said as a bpoist. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice