Search

05 Sep 2025

Féile úr 'dorn san aer' in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí

Féile trí lá a bheas i nDorn san Aer, a bheas ar siúl i nGaoth Dobhair ón Aoine 27 go dtí an Domhnach 29 Meán Fómhair 2024

Féile úr 'dorn san aer' in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí

Tá féile úr Dorn san Aer ag teacht go Co Dhún na nGall i Meán Fómhair. Photo: Colm Hogan

Tá féile úr Dorn san Aer ag teacht go Co Dhún na nGall i Meán Fómhair, le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar oidhreacht Rónáin Mhic Aodha Bhuí.

I Meán Fómhair anuraidh, briseadh mór croí dúinn uilig a bhí ann nuair a d’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí an saol seo róluath. Laoch a bhí i Rónán ag go leor, Gúrú na nGael ar na haerthonnta. Is deacair cuntas a dhéanamh ar an tionchar réabhlóideach a bhí ag Rónán ar shaol chultúrtha na nGael, ní amháin ina thír féin, ach ar fud na cruinne. Craoltóir radacach agus gníomhaí pobail den scoth a bhí ann. Ba croí na féile é. Cronaímid uainn go mór é.

Bliain i ndiaidh a bháis, is mian linne - cairde, teaghlach agus pobal Rónáin, cuireadh a cuir ar chách, idir shean is óg, cruinniú le chéile le comóradh a dhéanamh ar a shaol agus leis an splanc sin a las Rónán a choinneáil beo – agus is chuige sin an fhéile úr seo i gcuimhne air - Dorn san Aer!

Féile trí lá a bheas i nDorn san Aer, a bheas ar siúl i nGaoth Dobhair ón Aoine 27 go dtí an Domhnach 29 Meán Fómhair 2024. Beidh ar a laghad 20 banna ceoil páirteach linn, agus tuilleadh lena chois sin. Cuirfidh Dorn san Aer ardán agus fáilte roimh mheascán craiceáilte de ghrúpaí agus d’imeachtaí i rith an deireadh seachtaine: rac, hip-hop, traid-leictreach, ceol Gaelach, ska, reggae, chomh maith le cainteanna spreagúla, Lá Teaghlaigh, comórtas Cath na mBannaí, RACADAMH agus go leor eile. Le cloí le dearcadh ceannródaíoch Rónáin, fosclóidh an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey an fhéile go hoifigiúil ar an Aoine 27 in Amharclann Ghaoth Dobhair.

I measc phríomhimeachtaí na féile beidh Bréag - banna Bhéal Feirste a thriall ar an Chabaret Craiceáilte go minic; Huartan - a bhuaigh duais Rónáin Mhic Aodha Bhuí ag Gradaim Ceoil Nós, an banna úr Grooveline, lena bhfuaim bhladhmannach func-snagcheoil, agus John Spillane, fear a bhuaigh dhá Dhuais Meteor don cheoltóir Ceol Tíre/Traid is fearr – scéalaí an cheoil a thabharfaidh a bhranda féin de cheol chroí agus anama chuig an fhéile.

Beidh plúrscoth na gceoltóirí traidisiúnta againn chomh maith le Seisiúin Cúl a’ Tí agus Ceol ar an Loch ar an bhád An Gráinne Rose. Beidh scoth na gceoltóirí áitiúla ar stáitse le hEmma Ní Fhíoruisce, Eve Bell, an sár-phíobaire Ciarán Mac Fheidhlimidh agus ceoltóirí spleodracha Oileán Thoraí ina measc. Beidh lucht ragairne na féile in ann suí siar agus sult a bhaint as ceol réchúiseach reggae agus ska ón bhanna Feirsteach, Boss Sound Manifesto - sin nó Abair Amhrán a thógáil amach ag seisiún amhránaíochta ‘Súp an Domhnaigh’ i dtigh Hiúdaí Bhig.

Ach níl ansin ach blaiseadh beag de chlár na féile. I measc na n-imeachtaí a bheas againn, beidh Spásas, Róisín Chambers, IMLÉ, Na Fíréin, Cigire na bPuntaí, Elephant Brothers, Súil Amháin, Cistineach an Chéilí, Ceoltóirí ón Úcráin, Coirnéal na Cainte: Caint faoi Réabhlóid an Cheoil, Cór Dorn san Aer le Doiminic Mac Giolla Bhríde, Ceardlann Damhsa, Preab sa Cheol - seó do pháistí óga agus seisiún Ióga ag breacadh an lae. Fógrófar tuilleadh imeachtaí amach anseo.

Ar ndóigh, tá an fhéile ainmnithe as an gháir agus an mana a scairt Rónán amach in ard a chinn le Gaeil ar fud na cruinne a spreagadh le healaín, ceol, cultúr agus pobal a chruthú ar a dtéarmaí féin agus ina dteanga féin. Chuir sé chun cinn agus chothaigh sé ealaíontóirí úra Gaelacha lena Chabaret Craiceáilte gach mí, ag cur brí agus fuinneamh i gcultúr na n-óg agus ag fearadh fáilte mhór chroíúil roimh gach duine a casadh air. Ag tógáil ar an obair sin, cuirfear tús leis an RACADAMH, Acadamh an Cheoil Nua-Aimseartha ina mbeidh máistir-ranganna le haíonna speisialta, scoil cheoil a ba mhian le Rónán a bhunú, scoil ina mbeidh ceardlanna do cheoltóirí agus meantóireacht ar fáil do dhaoine atá ag dul i mbun na ceirde.

Beidh comórtas Cath na mBannaí mar chuid lárnach den fhéile. Bronnfar duais ollmhór ar an bhanna nó an ceoltóir úr is fearr – deis iontach do bhannaí úra cur lena gcáil. Beidh taispeántas ann d’obair ealaíne ó na Ceardlanna Ealaín Sráide do Dhaoine Óga a bheas mar pháirt den ullmhúchán don fhéile agus beidh caint agus díospóireacht ann faoi staid agus todhchaí an cheoil sa tír faoi láthair.

Tionólfar na ceolchoirmeacha agus na himeachtaí in ionaid éagsúla ar fud pharóiste Ghaoth Dobhair: Ionad Cois Locha faoi bhun na hEaragaile, áit a mbeidh Stáitse Cúl an Tí agus Stáitse Géill Slí, Amharclann Gaoth Dobhair i lár na paróiste agus Teach Hiúdaí Beag - croílár spioradálta An Chabaret Craiceáilte.

Tá cuma mhaith ar chúrsaí cheana féin agus tá an lucht eagraithe buíoch den urraíocht ó Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta agus ag súil le scoth na féile.

Bígí linn, mar sin, ar 27-29 Meán Fómhair d’fhéile Dorn san Aer! Féile spreagúil úr ag a mbeidh plúr an cheoil agus an chraic i nGaoth Dobhar geal na gréine.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.