Amanna feithimh níos faide in ospidéil na hÉireann nó mar a bhí anuraidh

People are being asked to avoid Limerick hospital due to high number of patientsplaceholder image
People are being asked to avoid Limerick hospital due to high number of patients

Daoine ag fanacht ar an meán leath lá le fáil isteach chun otharlainne

Bíonn ar dhaoine fanacht ar a mheán 11.7 uair an chloig in ospidéil na hÉireann le fáil ón rannóg éigeandála isteach go hospidéil na hÉireann, de réir figiúirí úra a eisíodh le gairid.  

Léiríonn figiúirí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur fhan páistí ar an meán 13.3 uair an chloig in ospidéil na tíre, le linn na chéad trí mhí de 2023.

Léiríonn na figiúirí, a eisíodh d’urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane, go raibh ar dhaoine thar 75 bliain d'aois fanacht 13.8 uair ar an meán le fáíl isteach san otharlann ón rannóg éigeandála. 

Ba 11.6 uair ar bh'eigean dó dhaoine fanacht sna hotharlainn san tréimhse chéanna anuraidh, 2022, agus 10.2 uair in 2019.

Ba é an meán-am feithimh is faide ná 22.8 uair in ospidéal Thamhlachta.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice