Aimsir fhuar, fheanntach á tuar ó seo go maidin amárach ar fud fad na tíre


Rabhadh aimsire stádas buí teocht íseal agus siocáin i bhfeidhm
Seasfaidh an rabhadh aimsire stádas buí teocht íseal agus siocáin atá i bhfeidhm go dtí a 9 a chlog maidin amárach, Dé Ceadaoine. Tá an rabhadh i bhfeidhn i nDhún na nGall, Contae an Chabháin, Muineachán, Cúige Chonnacht, Longfort, Contae an Lú, an Mhí agus contae na hIarmhí.
Iarrtar ar thiománaithe é a thógáil go réidh ar bhóithre na tíre ar mhaithe le timpistí a sheachaint.
Táthar á tuar go dtitfidh an teocht chomh hiseal le -5 in áiteanna anocht go háirithe i dtuaisceart na tíre. Tiocfaidh rabhadh aimsire stádas buí ó thaobh siocáin agus sneachta i bhfeidhm do Chorcaigh agus Ciarraí ón mhean oíche anocht.