Acmhainn úr oideachais ó TG4 Foghlaim Inis Friotal

placeholder image

Tá ríméid ar TG4 Inis Friotal a fhoilsiú ar TG4 Foghlaim. Is acmhainn úr oideachais é seo le tacaíocht a thabhairt do litríocht na sraithe shóisearaí.

Léirithe ag Súgradh Teo bunaithe ar 11 dán ó shiollabas na Gaeilge don tsraith shóisreach, déantar na dánta a athshamhlú go físiúil chun tacú le scoláirí ina gcuid staidéir do scrúdú Stáit na Sraithe Sóisearaí.  

Neadaithe i gcroílár an Aigéin Atlantaigh atá an t-oileán miotasach, Inis Friotal. Oileán is ea é atá faoi dhuilliúr méith, a bhfuil aibhneacha ag sreabhadh tríd faoi sholas glioscarnach na gealaí. Tá rún speisialta á choinneáil ag muintir an oileáin seo, is é sin go bhfuil féith na filíochta go smior iontu. 

Ar Inis Friotal, bíonn focail mhuintir an oileáin ag rince ar a dteanga, iad ag cur a gcuid mothúchán agus smaointe in iúl i véarsaí áille ceolmhara. 

Gach duine seachas aon oileánach amháin. Níor éirigh le fear óg díograiseach, an bleachtaire Colm Bó, cás a réiteach go fóill, in ainneoin go bhfuil muinín mhór aige, cásanna a bhaineann le téamaí, mothúcháin agus samhlaíocht a chomhoileánach. An rithfidh an t-ádh leis? Feicfimid. 

Fáilte go hInis Friotal. 

Léirithe agus stiúrtha ag Léiriú Súgradh Teo, is tionscnamh pobail é seo, le haisteoirí ó Ghaeltacht Mhúscraí agus Cathair Chorcaí. 

Léiríodh an togra seo le tacaíocht ó; An Chomhairle um Oideachas, Gaeltachta & Gaelscolaíochta, Plean Teanga Mhúscraí agus Gréasán na Meán Skillnet. 

Is iad na dánta atá clúdaithe sa sraith seo ná; Athair, Doechaidh Dorais, Jeais ar Scoil, An Ghealach, Sámhchodladh, Filleadh ar na gCathair, Stadeolaíocht, Cad É, Dán do Lara, Ceist na Teangan, An Grá. 

Is féidir Inis Friotal a fheiceáil anseo; 

https://foghlaim.tg4.ie/ tsraith_shoisearach/saothar_ litriochta 

Le tuilleadh eolais a fháil nó teagmháil a dhéanamh linn faoi áiseanna oideachais TG4 is féidir sin a dhéanamh ag; 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice