999 Faoi Oiliúint - clár úr a leanann daltaí úra faoi dhianthraenáil

Leanann 999 Faoi Oiliúint oiliúnaithe agus iad ag dul i ngleic le cásanna atá ag titim amach
Sealanna oibre dhá uair an chloig déag, cinntí le déanamh ar an toirt, cásanna bás nó beatha agus saol sóisialta in áit na leathphingine - an té a liostálann do na seirbhísí éigeandála, beidh a saol sáite san obair. Ní gairm é a oireann do chách.
Is sraith úr faisnéise ceithre chlár í 999 Faoi Oiliúint ina leantar saol na bhfear agus na mban atá i mbun oiliúna do na seirbhísí tosaigh. Below the Radar TV a léirigh le haghaidh BBC Gaeilge agus RTÉ, agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann a mhaoinigh.
Ag tosú ar BBC Two NI agus BBC iPlayer ar Bealtaine 29 ag 10 in, leanann 999 Faoi Oiliúint daltaí úra faoi dhianthraenáil throm - an comhraiceoir dóiteáin, an paraimhíochaineoir, an tarrthálaí sléibhe, an garda cósta - go bhfeictear an bhfuil siad inchurtha leis an obair.
Buaileann muid le hoiliúnaithe ó Cuardach agus Tarrtháil Feabhail, Cuardach agus Tarrtháil Loch nEathach, Seirbhís Dóiteáin na Gaillimhe, Foireann Tarrthála Sléibhe Mhaigh Eo, Seirbhís Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, Seirbhís Náisiúnta Otharcharranna Éireann agus Garda Cósta na hÉireann.
Leanann 999 Faoi Oiliúint ár n-oiliúnaithe agus iad ag dul i ngleic leis an obair i gcásanna atá ag tarlú ar an toirt.
In imeacht bliana a taifeadadh 999 Faoi Oiliúint agus léiríonn na hoiliúnaithe úra a neart, a ndíograis agus a misneach gan trácht ar an tiomantas buan daingean atá acu dá gcuid oibre. Déantar grinnscrúdú ar shochar agus dochar na traenála agus tchímid cad é mar a sheasann gach oiliúnaí agus iad i mbéál na stoirme.
Beidh sraith iomlán 999 Faoi Oiliúint ar fáil ar BBC iPlayer ón Luan 29 Bealtaine.