Turasóir Sasanach i riocht criticiúil tar éis ionsaí i mBaile Átha Cliath

placeholder image

Tá turasóir Sasanach i riocht criticiúil tar éis ionsaí tromchúiseach i mBarra an Teampaill i gcathair Bhaile Átha Cliath.

D’fhreastail na seirbhísí éigeandála ar láthair na heachtra i gceantar Chearnóg Bharra an Teampaill ag thart ar 12.30am Déardaoin.

Tugadh fear ina 40idí, a thuigtear a bheith ina thurasóir Sasanach, chuig Ospidéal Beaumont áit a bhfuil sé fós i riocht criticiúil.

Coimeádadh an láthair agus rinneadh scrúdú teicniúil.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar fhinnéithe nó ar aon duine a bhféadfadh eolas a bheith acu faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leo.

Tá siad ag iarraidh freisin ar aon duine a bhfuil físeán acu a bhaineann leis an imscrúdú teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Shráid an Phiarsaigh ar (01)666 9000, Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111, nó aon stáisiún Garda.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice