Gabhadh fear tar éis corp a fháil i dteach i gCo Thiobraid Árann


GABHADH fear nuair a fuarthas corp ag teach i gCo Thiobraid Árann.
Fuarthas corp fir ina 30idí ag an áitreabh i mBaile Cranncha, Cill Rois go gairid tar éis 4rn maidin Dé Céadaoin.
Ghabh gardaí fear ina 20idí agus tá fiosrúcháin ag leanúint ar aghaidh.
Iarradh ar aon duine a bhfuil aon eolas acu dul i dteagmháil leis na gardaí.